Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 505
- XML “Muc Mhór an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níl aon t-seachtmhain ná cuirtí fear ón Righ ag féachaint ar an mhuic. Deabhal riabhach ná fáighail bhí uirthi an t-seachtmhain seo. Bhiodh Seanndraoi ag gach aon Rí an uair úd. Seo an Rí chuige.
"C'ail mo mhuc?" ars an Rí leis an Seanndraoi. "Tóg t-aimsir" ars an Seanndraoi. Gheobhaimíd amach í. Cuir beirt fhear" ar seisean "oidhche ins gach aon tig agus b'féidir go bhfaighidís amach cá bhfuil sí"
Bhíodar oidhche ins gach aon tig. Bhí an sgéal go maith go dtáinig siad go tig an ghréusaidhe. Fuair bean an tighe suipéar dóibh - suipéar chómh maith agus d'féad sí. D'eirigh an bioránach abhí sa tig aca agus d'féach ar an mbórd "Ar thugais aon bhlúire feola dos na daoine seo?" ar seisean. "Níl sé agam" arsa bean a' tighe. "Níl sé agat" ar seisean "agus muc mhór a' rígh marbh agat!" Phrioc an bheirt fear a chéile. "Bhuail [!] síos lán chorcáin d'fheóil dóibh" ars an bioránach. Do bhuail. Nuair abhíodar ag ithe na feola d'fhair an bioránach iad. Thug sé fé ndeara go rabhadar ag cur piosaí beaga isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí