School: Kenmare (B.) (roll number 2849)

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teachers:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 505

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 505

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kenmare (B.)
  2. XML Page 505
  3. XML “Muc Mhór an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níl aon t-seachtmhain ná cuirtí fear ón Righ ag féachaint ar an mhuic. Deabhal riabhach ná fáighail bhí uirthi an t-seachtmhain seo. Bhiodh Seanndraoi ag gach aon Rí an uair úd. Seo an Rí chuige.
    "C'ail mo mhuc?" ars an Rí leis an Seanndraoi. "Tóg t-aimsir" ars an Seanndraoi. Gheobhaimíd amach í. Cuir beirt fhear" ar seisean "oidhche ins gach aon tig agus b'féidir go bhfaighidís amach cá bhfuil sí"
    Bhíodar oidhche ins gach aon tig. Bhí an sgéal go maith go dtáinig siad go tig an ghréusaidhe. Fuair bean an tighe suipéar dóibh - suipéar chómh maith agus d'féad sí. D'eirigh an bioránach abhí sa tig aca agus d'féach ar an mbórd "Ar thugais aon bhlúire feola dos na daoine seo?" ar seisean. "Níl sé agam" arsa bean a' tighe. "Níl sé agat" ar seisean "agus muc mhór a' rígh marbh agat!" Phrioc an bheirt fear a chéile. "Bhuail [!] síos lán chorcáin d'fheóil dóibh" ars an bioránach. Do bhuail. Nuair abhíodar ag ithe na feola d'fhair an bioránach iad. Thug sé fé ndeara go rabhadar ag cur piosaí beaga isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0950: Rhampsinitus
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó hEaluighthe
    Gender
    Male
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Dawros, Co. Kerry