Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dúbhairt sí go raibh bosca iarainn lán d'ór i bhfad síos 'san dtalamh i gcnoc i gCurrach Beag, agus níor chuireadar mórán suime innte an oidhche sin ach tháinig sí oidhche dorcha eile agus dúbhairt sí ná raibh sí ag innsint bréige in aon chor, agus go raibh an t-ór curtha annsan ag na Danair.Bhí grádh ag na h-iascairí d'ór ar nós gach aoinne eile, agus nuair a bhí an oidhche dorcha chuadar agus fuaireadar an áit. Bhaineadar an cré agus chuadar i bhfad síos 'san dtalamh, agus chonnacadar leac mór agus bhí an t-ór fé díreach mar a dúbhairt an bhean, agus cé go raibh bosca óir breágh buidhe acu ní rabhadar sásta, agus thosnuigheadar ag troid agus ag argóint.Tháinig fear ciallmhar an treó agus dúbhairt sé nár bfearr a rud a dheanamh ná é do chur síos airís, agus go roinnfeadh siad é uair éigint eile.Mar nuair a bhíodar ag árgóint do bhuail duine nó beirt an treó agus bhí eagla ar na h-iascairí go mbeadh fhios aca san go raibh rud éigin ann agus geobhfaí an t-ór.Chuadar i bfad soir ó'n áit 'na rabhadar, agus chuadhar soir chómh fada le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí