Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 221
- XML “Gaibhne”
- XML “Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)da bhrígh sin ní raibh Seán ábalta ar chrú do chur fé chapall.An uair sin leis ní raibh aoine ann chun fiacla do tharac acht gréasaidhe súinéir nó gabha agus dá brígh sin b'sin gnóth eile a bhíodh ag Seán.Bhí cáill chómh mór san air go mbíodh daoine ag teacht ó gach áit i gCiarraighe go Seán chun rud éiginn do dheisiú.Le h-imtheacht aimsire tháinig gabha ó Corcaigh thuaidh agus bhí sé sin ábalta ar gach rud do dhéanamh.Ó'n lá san amach go dtí a bháis ní raibh Seán chómh cáileamhail san agus sa deire fuair sé bás go beó bocht tar éis a shaoghail.Sgríobhnóir:- Brighid Ní Chúipéar, Teinnibh
Sgéalaidhe:- Padruig Ó Fáilghe, Currach Beag - In aimsir na bPéin Dlíghthe bhí fear darb ainm Mícheal Ó Murchadha in a chómhnaide inaice las gCurréal agus gabha do beadh é. Bhí ceárdcha beag aige agus gach blian bhí sé ábalta ar an gcíos do dhíol mar bhí sé ag déanamh roinnt airgid ins an gceardchain (?). Bhí feirm beag réidh aige agus bhí duine saidhbhir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí