School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Íosa Críost agus an Maighdheann Muire ar an dtalamh seo. Bhíodar ag dul thar claidhe lá amhain, agus so strac an Maighdeann a ghúna.Bhíodar ag gabháilt tar bóthair ar feadh i bhfad agus tar éis tamaill bhuailleadar le tincéir. Dúbhairt sí leis rud éiginn do dhéanamh dí chun a ghuna do ceangal agus dubhairt seiseann leí na raibh sé feín ábalta ar a chóta do cheangal.Annsan do chuir sí mallacht air agus ó'n lá san i leith níor fhág na tínceírí an bhóthar.Bhí sí ar an aistear arís agus tar éis tamall thánadar go dtí tig gabhann agus dúbhairt sí leis (brooch) a dhéanamh dí agus do dhein se ceann ana dheas ar fad an mómat a dúbhairt sé é.Do bheanuig sí é agus gach gabha eile a bhí san domhan agus dúbhairt sí leis é feín do níghe in uisge in a fuarfadh sé a ineoin nuair a bheadh obair an lae críochnuighthe aige agus go mbeadh sé níos fearr ná mara bhí sé nuair a thosnuig sé ar maidin.Bhí sé ag déanamh é feín do nighe gach tráthnóna ins an uisge sin agus ní raib sé tuirseach ar bith.Cáitlín Ní Murchudha, Currach Mór
ó
Mhaire Ní Murchadha, Cúil- Collector
- Cáitlín Ní Murchudha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Mhurchudha
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Cool West, Co. Kerry