Volume: CBÉ 0189
- Date
- 1935
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0189, Page 032](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0189%2FCBE_0189_032.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0189, Page 032
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Tuairm céad agus dachad bliain ó shoin bhí Baile na Sagart curtha suas chun a dhiol. B'é céad duine a thóg é na Arthur Cadhla. An aimsir sin bhí bun Baile na Sagart clúdaithe le tionóntaidhte.
Chuir an Cadhlach iad go léir nách mór chun bóthair.
Thosnuigh se ar thigh mór do thógáil annsin dó féin.
Chuir sé na céadta chun fáin. D'imthigh cuid aca thar fairrge, agus aon chuid aca go raibh roinnt airgid. Thógadar feirmeacha sléibhe in áiteanna mór thimcheall mar :- cnoc dhá dhamh, cnoc an uisge, cnoc na bo, réidh na cnallacht, agus gach [?] áit eile gur dheineadar iad féin a shocrúghadh. Cé nách raibh aca ach riasc loim agus réidh fliuch, do thógadar tighthe deasa clúthmhara agus chromadar á saothrúgadh(continues on next page)