Imleabhar: CBÉ 0189

Dáta
1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0189, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0189, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tuairm céad agus dachad bliain ó shoin bhí Baile na Sagart curtha suas chun a dhiol. B'é céad duine a thóg é na Arthur Cadhla. An aimsir sin bhí bun Baile na Sagart clúdaithe le tionóntaidhte.
    Chuir an Cadhlach iad go léir nách mór chun bóthair.
    Thosnuigh se ar thigh mór do thógáil annsin dó féin.
    Chuir sé na céadta chun fáin. D'imthigh cuid aca thar fairrge, agus aon chuid aca go raibh roinnt airgid. Thógadar feirmeacha sléibhe in áiteanna mór thimcheall mar :- cnoc dhá dhamh, cnoc an uisge, cnoc na bo, réidh na cnallacht, agus gach [?] áit eile gur dheineadar iad féin a shocrúghadh. Cé nách raibh aca ach riasc loim agus réidh fliuch, do thógadar tighthe deasa clúthmhara agus chromadar á saothrúgadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir