Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0006](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0352%2FCBE_0352_0006.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0006
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)leis ’na' bhaile í.Bhí ’n bheirt annsin ’na gcomhnuigh ar an oilean agus, gan críostaidhe acu acht iolar mór le cuideachta a chongbhail leo. Nuair a bhí siad dara bliadhantach 'na gcomhnuigh ar an oilean, d’éirigh ’n t-iolar mór
aon lá amháin agus chraith se é féin.
"Iolair mhóir" arsa inghean a’ ríogh, "ca bhful tú gabhail anois?"
"Tá mé gabhail ’a d’amharc ar d'athair agus ar do leas mháthair" ar' seisean.
Bheir si greim air agus thacht sí é. Bhuail sí ar chloch a bhac agus ar leachacha na teineadh
é, go dtí gur sgabh sí a chuid fola uilig. Shíl sí gur fhág si marbh é agus caith sí i gclúdaigh na mónadh é. Chruinnigh 'n t-iolar é fhéin suas
agus d’imthigh leis ar eiteogaí, agus níor stad sé go dtainig se isteach ’dtoigh ’n ríogh. D’éirigh ’n bhainrioghain óg agus chuir fáilte roimhe.
"Iolair mhóir" ar’ sise, "carb’ as anois thú?"
"As Oilean Glas na dTrí mBeann a’ taobh deas de Éirinn".
"Cé tá annsin anois?"
"Mac a’ ríogh, inghean a’ ríogh, go neamh-bhuadhartha,
neamh-aircearach, a sáith le h-ithe agus le h-ól
acu agus iad na gceann mhaith domhsa"..(continues on next page)