Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0071](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0352%2FCBE_0352_0071.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0071
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Dar liom-sa gurbh’ í ’n tseoid í, nó ’n réalt eolais bhí 'ghabhail romham ’sa tslighe.
Ó! mhearuigh sí comh mór mé ’snach bpósainn aon bhean
acht í
'S mo chuig céad slán go deo leis an óig-mhnaoi bhí í
mBaile Uí Bhaoighill.
IV.
Nach binn agus nach ceolmhar a labhras gach éan i dtom
Nach deas gach eile sheort ann, ’snach ró dheas mo chailín donn,
Is aici fuair mé ’n t-eolas ar mhoran ’s ar thuilleadh grinn,
'S nach deas a’ rud sugh na h - eorna bheith ’a h-ól agus ’a teannadh liom.
V.
Ar maidin Dia Cheadaoine dar liom go rabh’ an mhaidin fuar
Cé 'tchím amach ’na léinidh acht mo chéad-searc ’sí bhfad uaim,
Dhruideamar le na chéile mar i n-umhal go rachadh sinne ’un suain,
Acht i ndiaidh a rabh ’na diaidh-san níorbh’ fhéidir
leobhtha a mealladh ainm,(continues on next page)