School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 212
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgeic ghil.
Chuaidh Maolmuadh abhaile agus chuaidh sé féin agus a bheirt mhac amach go dtí an gháirdín cun an óir d'fhághail, ach ceap an fear go mbéadh athar-nimhe ag tabhairt aire don ór agus chuaidh sé fá-dhéin an chait a bhí aige. Do thosuigh sé ag treabhadh na talmhan fé'n sgeich agus tar éis tamaill tháinigh an fear suas le lich. Do léim an t-athar-nimhe amac agus do chaith an fear an cat isteach in a bhéal. Fuair an t-athar-nimhe bás agus fuair an fear an pota óir.
Do mhair an cloinn sin go sona sásta tar éis sin. Trí bhlian in a dhiaidh sin tháinig fear déirce cuigh doras tighe Maolmhuaidh agus d'fhiafhruigh sé de lóistín na h-oidhche do thabhairt dó. Thugh sé lóistín do'n fear boct agus nuair a bhí an fear déirce in a suidhe cois na teineadh connaich sé an pota in a raibh an t-ór agus bhí fochla sgríobhtha i laidín ar thaobh an phota.
Nuair a chonnaich an fear déirce na fochla léigh sé iad agus d'fhiafhruigh sé de Maolmhuaidh céard as a tháinig an pota agus d'innis sé an sgéal ó thús deire. Dubhairt an fear déirce go raibh pota eile lán d'ór buidhe ar an dtaobh eile dé'n sgeich. Cúpla lá in a dhiaidh sin chuaidh Maolmhuadh amach cuigh an sgeich agus fuair sé pota eile d'ór. Bhí sé in a duine saidhbhir ó shoin i leith.