School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 246
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i bhfad ó'n tigh. Chuaidh alán daoine go dtí an séipéal agus ba maith léi cleamhnas do dhéanamh dí féin. Bhí na bróga uirthí san leabaidh agus nuair d'éirigh sí go moch ní raibh sí in-an na bróga do thábhairt dí. Bhí sí tinn ar feadh cúpla seachtmhaine agus ní raibh sí in-an siubhail go maith in a dhiaidh sin. Nuair do chuaidh alán daoine go dtí an séipéal fado níor chaith síad bróga. Do thógh síad na bróga leó agus nuair tháinigh síad go dtí an séipéal chuadhar isteach i bpáirch agus chuir síad na broga ortha ann. Ní raibh na daoine in an siubhail nuair a bhí na bróga ortha.
Téigheann na sídheóga amach san oidhche agus tagann mí-ádh ar gach duine a chaitheann uisge amach an uair sin. Tá ar gach duine uisge do chaitheamh amach agus théigheann síad go dtí an doras agus dearann síad, "Chugat, Chugat, uisge salach. Ní thagann mí-ádh orthá annsin. - Bhí bean ann fadó, agus oidhche amháin nigh sí a cosa. Annsin chaith sí an t-uisge amach, agus chuaidh sí 'na leabhaidh, agus níorbh fhada go raibh sí 'na codhladh. I rith na h-oidhche dúisigh sí, agus léim sí suas. Chuala sí alán daoine ag cainnt agus ar buille. Tháinig faithchios mór uirthi mar ní raibh braon uisge 'san tigh aici. Tháinig beirt daoine isteach, agus dubhairt siad go(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Niochláis
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo