School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 672
- XML “Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Fatai
Cuireann mo mhuintir fatai ar an bhfeilm gach bliain. Ullmhuigheann m'athair agus mo dhearbhráthair an talamh. Cuireann siad leathach ar an talamh i dtosach an Earraigh nó i n-amannaibh roimh Nodlaig do réir mar tá sé fuarasta fhagháil i bPort Mór. Cuireann siad na fatai i n-iomaireachaibh agus i ndrileannaibh. Le céachta a dheintear na drilleanna
Sgoiltear na fatai a dtúis. Má tá an lá go measardha suidheann an bhean i mbéal an phuill agus gearann na sgoilteáin; deantar poll díobh agus cuirtear gráinne gainmhe triotha sul mar gcuirtear sa bpoll iad. Ní maith an rud iad a chur lá fliuch. Na páisdí de ghnáth a bhíonns ag pitcháil. Má's iomaire atá atá deanta bíonn ceithre sgoiltéan de ghnáth in gach líne. Nuair atá siad curtha tagann duine eile agus plúcann sé an méid atá curtha - sé sin deanann sé an iomaire cothrom. Tar éis míosa basluightear na fatai agus cuirtear aoileach(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cabhail
- Gender
- Male
- Address
- An tInbhear, Co. Mayo