School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 687](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_687.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 687
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 687
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus na peacaidh is lugha a gcion mhór ag Dia agus an duine.
A Thighearna a cheannuigh sinn is Tú a gheobhaidh sinn
111. Altú Taréis Biadh.
Dia a ghrádhshuigheas leat ár Slánuightheóir Íosa Críost. Ar son na codach sin agus gach cuid da dtug Tú riamh dúinn ó lá ár mbaiste go lá ár mbáise bheirimid altú dhuit a Thighearna agus a bhuidheachas a Rí na nGrásta, go méaduigh, go mborruigh agus go neartuigh Dia sinn mar thug Tú an bheatha sin dúinn go dtug tú an Bheatha Síorruidhe d'ár n-anam ar uair ár mbáis.4 Airteacal An Chreidimh Chruaidh. Airteacal an chreidimh chruaidh thig chugainn ar uair ár mbáis, mar tháinic an t-aingeal ar chuairt le sonas i gcluais na mná; Tri ráidhthe chaith sé faoi na broinn gur chomhnluigh sé i mbainséar an asail mhín. Tháinic an dá Rí anall le trom silt agus deór. Braon mór bhlas a Bhéal go dtáinic Mac Dé an t-saoghail. Thug sé an t-uisge thríd A mhéar is is maith an Sagart Mac Dé. Is maith an baisteadh nigh sé. Bhaist sé Eóin agus bhaist Eóin É.(continues on next page)- Collector
- Máire Iósephín Muilleach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Dhochartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Na Monga, Co. Mayo