School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 689
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe na Feilme
Tá ba, caoirigh, capall; muca, cearca, lachain agus geadha againn sa mbailte. Nuair a bhíonn m'athair ag tiomáint na mbó má théigheann ceann aca isteach thar claidhe déarfaid sé "doiris."
Tugtar stábla ar an teach i mbíonn na ba ann. Cuirtear fóideóg briste grabhar cochain agus cíb dubh mar easair faoi bhuaibh. Tá stáca sáidhte sa talamh i n-aghaidh an bhalla agus timcheall ar sin atá an uigin. Cuirtear an buathrach isteach san uigin agus annsin timcheall muinéil na bó le na ceangal. Deantar na ceangail sin sa gceanntar.
Nuair atá bean ag bleághan tarrnuigheann sí sruth as gach aon ceann de na sithneadh agus dóirteann ar an talamh é. Deirtear go mbeidh an bainne níos glaine annsin. Deirtear "wó" leis an gcapall nuair atá tú ag iarraidh air(continues on next page)