School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 715
- XML “Bréag Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go leor daoine ag rith n-a gcos in áirde. D'fhiafruigh sé diobh cá raibh a dtriall. Dubhairt siad go raibh an fhairrge tiorm agus go raibh siad ag rith i mbárr a n-anma go bhfághadh siad iasg agus airgead ar thóin na fairrge. "An dtiocfaidh tú linn go bhfághadh tú do chuid féin de. "Ní rachaidh mé inbhar seisean. "Tá mé dul le inghean an rí d'fhághail le bréag mhór a chumadh dó." "Is mór atá tú gan chéill" ar siadsan "mar is iomdha mac rí ar bhain an rí sin an ceann de." "Má sé an bás a gheall Dia dhom" ar seisean "Sé a bheatha." D'imthigh sé leis agus níor stad sé agus níor mhór chómhnuidhe sé go dtainic sé go dtí teach an rí Chuir an rí amach teachtaire chuige agus d'fhiafruigh siad dhe cé raibh sé ag dul agus dubhairt sé go mba mhaith leis an rí d'fheiceál. Thainic an rí amach agus labhair sé leis agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh a inghean le pósadh. Annsin thug an rí é go dtí a gháraidh in a raibh píosa fatai curtha agus d'fiafruigh sé de a bhfatai [!](continues on next page)
- Collector
- Nóra Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Ghruaidhrí
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo