School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 763
- XML “Bia sa tSeanaimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh sa t-sean aimsir
Fadó d'éirigheadh na daoine go h-an mhoch agus go mór mhór nuair a bhíodh na fataí le baint bhíodh siad ina suidhe roimh an lá agus cuireadh siad orthu na bróga le solas cipíní no coinle mar ní bhíodh aon lampaí aca mar atá anios.
Theigheadh siad amach ag obair annsin ag fáinne an lae agus ní iosadh siad bricfasta ar bith roimh iad a dul amach nó go dtigeadh siad isteach aríst timcheall naoi nó deich a chlog. Bhíodh pota fataí nó pota starraigh bruithte ag bean-a-tighe nuair a thigeadh siad isteach. Chuireadh siad na fataí isteach i mbascéad agus leagadh siad an bascéad i lár an urlár ar phota nó rud éicint agus shuidheamh an tigh thart ag an mbaiscéad ansin. Shuidheamh an cuid is mó acu ar stólta agus an chuid eile chaitheadh siad iad féin(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gacháin
- Gender
- Female
- Address
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo