School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 188
- XML “Le Bróg a Dhéanamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I dtoiseach nuair a bhíos gréasaidhe ag déanamh bróg, fághann sé leatharm cnáib arl. Bíonn ceap ádhmaid aige le h-aghaidh piogaí, agus ceap iarann le h-aghaidh táirní. Fághann sé leathar uachtair agus réidhtigheann sé é. Annsin fághann sé a chuid cnáibhe agus déanann sé snáithe. Tar éis sin fághann sé a mheanaidh agus toisigheann sé ag fuagháil. Fuaigheann sé cúl na bróige i dtoiseach agus annsin na lasgaí, agus fuaigheann sé an teanga do bhéal na bróige. Annsin cuireann sé ar an gceap ádhmaid é agus fuaigheann sé an t-uachtar agus na fó-bhonnacha len-a chéile. Annsin cuireann sé toisigh ortha. Ins na toisigh cuireann sé dhá líne piogaí agus líne taics buidhe agus táirní bróg. Annsin cuireann sé sála agus cruidhthe ortha agus tarraingeann sé amach an ceap. Déanann sé an taobh istigh mín agus annsin tá an bhróg críochnuighthe.
- Collector
- Pádraig Ó Deagánaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo