School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 236
- XML “Liathróid Coise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad'ó bhíodh na daoine óga ag imirt liathróid coise. Liathróid déanta de pháipéar agus gioblachaí agus gach rud mar sin a bhíodh acú, agus annsin cheangluighdís sreangán thart ar an méid sin, agus bhíodh sé sin comh maith le ceann ceart.
Ní h-é an chaoi chéadna a bhíodh siad ag imirt an t-am sin as' bhíos siad ag imirt anois. Ní bhíodh mórán ar gach taobh - thimcheall a's deichneabhar nó b'fhéidir dhá dhuine dhéag. Thíos ag Rinn Ruaidh a d'imrighdís é nó in áit ar bith a bhéadh réidh cothrom.
Bhíodh dhá chloch mhóra thimcheall a's trí slat nó ceithre slat ó n-a chéile, agus bhíodh dhá chloch eile thimcheall a's ceathrú míle taobh thiar díobhtha sin.
Annsin sheasadh beirt i lár na páirce agus d'abróchadh duine acú, "Buailim ort," agus d'abróchadh an duine eile, "leigim leat." Annsin phiocaidis amach na daoine a bhéadh(continues on next page)- Collector
- Róis Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
- Informant
- Brighid Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo