School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 243](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_243.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 243
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 243
- XML “An Mhaighdean Mhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bíonn sí ag cíoradh a gruaige. Tá cineál eangaighe uirri ar a dtugtar cochall agus ní féidir léithe snámh gan é.
Uair amháin bhí fear ag faire ba agus chonaic sé í thíos ar charraic ag cíoradh a gruaige. Chuaidh sé síos, sgiob sé an cochall uaithe, agus thug sé leis abhaile é. Annsin lean an mhaighdean mhara é, agus pósadh iad.
Lá amháin bhí an fear ag deanamh cruach choirce agus chuir sé an cochall siar faoi'n gcruaich.
Lá eile bhí an mhaighdean mhara amuigh sa ngárraidh leis na páistí, agus dubhairt duine acú gur chuir a n-athair rud siar faoi'n gcruaich. Leag an mhaighdean mhara an chruach agus fuair sí an cochall. Annsin d'imthigh sí léithi go dtí an fhairrge agus ní fhacaidh siad aríst í. Ní fhaca mé maighdean mhara ariamh.- Collector
- Eibhlín Ní Craith
- Gender
- Female
- Address
- Portacloy, Co. Mayo
- Informant
- Séamus Mac Craith
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Portacloy, Co. Mayo