School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 5
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuirte d'éirigh an bhainrioghan amach as a leabaidh agus lean sí í. Nuair a bhí sí ag teacht in aice an ghrianáin chaith sí méaracáin ór ina diaidh. Chrom an bhainríoghain ag tógáil an mhéaracháin agus ní fhaca sí ag dul isteach sa ngrianán í. D'fhill sí abhaile brónach go leór. Annsin luigh sí ar a leabhaidh sa gcaoí nach mbeadh fhios ag an righ gur fhág sí an teach.
Rinne sí an saothar céadna an dara lá agus nuair bhí bosa barr gheala ag teacht in aice an ghrianáin chaith sí siosúr ór ar an dtalamh 'na diaidh. Chrom an bhainrioghan air agus ní fhaca sí ag dul isteach í.
Acht an tríomhadh lá thug sí ceann dá cuid seanbhfhóghtaidhe léite agus bhí súil i gcúl a cinn aici. Nuair bhí bosa bárr gheala ag teacht in aice an ghrianáin chaith sí fáinne ór ina dhiaidh. Chrom an bhainrioghan agus an seanbhfhoghantaidhe air acht bhí súil i gcúl a cinn ag an seanbhfhoghantaidhe agus chonnaic sí ag dul isteach í.
Lean síad í agus nuair chuaidh síad isteach ní bhfuair síad istigh acht an bheirt dearbhphathair agus bhí síad ag imirt cárdaí. Sheas sí sgathain ag(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo
- Informant
- Padhraic Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo