School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 202
- XML “Fear ag Baint Aitinn”
- XML “An Bhean Shaibhir”
- XML “An Rud is Annamh is Iontach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dtiocfaidh is a dtáinig riamh, imtheochaidh mise agus tusa, agus beidh an t-aiteann ag fás in ár ndiaidh. Annsan leig an feirmeoir do an t-aiteann a bhaint. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
- An Bhean Saidhbhir
Bhí bean ann fadó, agus bhí sí an-shaidhbhir, nuair a bhí sí timcheall 90 blian d'aois thuit sí tinn. Bhí cailín aimsire aici, agus bhíodh sí ag tabhairt aireachais di. Bhí sí an-thinn ar fad, annsan bhí sí ag fág[h]ail bháis agus dubhairt sí leis an gcailín go raibh 10,000 púnt sa seomra 'na raibh sí. Dubhairt sí léi é a d'fhág[h]ailt agus é a bheirbhiú in bainne agus go n'ólfhadh sí é.
'Sé an rud a dhein an cailín ná an £10,000 a choimeád, agus dhein sí an bainne a bheirb[h]iú agus chuir sí púnt ime sa mbainne chun é a dhéanamh bhuidhe. Thug sí di é agus d'ól sí é, annsan fuair sí bás, agus bhí an £10,000 ag an cailín. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Siobhán Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford