School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 214
- XML “Crota Ropaire”
- XML “An Dá Dheartháir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Crota Ropaire
Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí ar ná Crota Ropaire. Gach oidhche theigheadh sé ag goid agus an méid a ghoidfheadh sé thughadh sé dos na bochta é.
Aon aoidhche amháin ghoid sé an-chuid airgid agus bhí na píléirí ar a thóir acht ní bhfuaireadar í bhí sé i bhfolach sa sliabh mar is anáirde ar na sléibhte a bhí sé ina chomhnuidhe.
Aoidhche eile bhíodar á lorg agus bhí sé i bhfolach i gcruach móna agus chuireadar an píce isteach tríd an gcruach a mharbhuigheadar é. Fuair mé an sgéal seo ó m'athair. 56 blian.- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- An dá Dhearbhráthair
Bhí beirt dearbhráthair ann tamall de b[h]liadhanta ó shin agus bhí tig beag acu in áit an-uaigneach. Ní raibh aon bhó acu agus chaithidís dul go tig feirmeóra gach oidhche fé d[h]éin bainne. Théigheadh an beirt acu le chéile i gcomhnuidhe. Fuair ceann acu bás agus annsan bhíodh an buachaill eile ag imtheacht na aonair fé d[h]éin an bhainne.
An oidhche seo tháinig a dhearbhráthair chuige ar an slighe. Níor chuir se aon suim ann acht d'imthig sé leis go dtí an tig feirm[e]ora.
An dara oidhche chonnaic sé arís é agus dhein se an rud céadhna. Acht an tríomhadh h-oidhche c[h]onnaic sé arís é agus d'imthig sé leis go dtí(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford