School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
![The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 228](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0642%2FCBES_0642_228.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 228
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 228
- XML “Tórramh”
- XML “Oíche Naomh Mártan”
- XML “Coifín Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair a bheadh duine á thórramh bhíodh na daoine timcheall na leabthan agus ina suidhe thimcheall na teine sa chistin. Bíonn leann agus fíon agus beatha-uisge acu. Bíonn na daoine ag caint agus ag seanchus. Bíonn a lán coinnle lasta sa seomra ina mbíonn an duine á thórramh. Bíonn na daoine ina suidhe ar feadh na h-oidhche.
- Transcription guide »You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- D'airigh mé scéal ana-deas an oidhche fé dheire mar gheall ar bád mór a tháinig isteach im aice na coise agus do bhí a lán daoine ann agus fear dubh ina measc. Do bhí coifín óir acu agus bhíodar chun é do chur i gcómhadh. Dubharadar le na chéile go ndéanfaidís poll sa chois agus é do chur ann. Nuair a bhí an poll déanta acu d'fiafruigh an captaoin de'n fuireann ciacu a thabharfaidh aireachais de'n ór. Dubhairt an fear dubh leotha "tabharfaidh mise aireachas do" annsan do dhein an captaoin é a lámhach agus do dheineadar é do chur leis an ór. Nuair a bhí an méid sin déanta acu d'imthigeadar. Nuair a(continues on next page)