Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 264
- XML “An Pósadh”
- XML “An Chúirt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé cun a bheith pósta le bean an-deas agus chuaidh sé cun an sagart cun socrú leis agus nuair a bhí gach rud socraithe aige leis an sagart do labhair an sagart agus dúirt sé "Ná déan dearmad ar a bheith annsa go luath ar maidin tú féin agus do bhean. An mbeidh tú anois? arsan sagart. "Ó ní fheadar mé sin" arsan fear "má tá sí an-leisciúl".
Nuair a tháinigh an mhaidin níor dhúisigh an bhean agus níor pósadh iad ar aon chor.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Lá amháin do bhí beirt fhear sa chúirt agus dúirt ceann acu go bhfaca sé an fear eile ag caitheamh fear eile agus arsa sé leis an bhfear eile "Féach ar do hata".
Dob é Dónal Ó Chonaill an dlíadóir a bhí ag an fear go raibh an mileán air. Dúirt Dónal Ó Chonaill an hata do theaspáint dó agus d'fhéach sé isteach sa hata agus léigh sé gur an rud a bhí scríobhtha laistigh ná Séamus agus sé arsa sé leis an fear "An deir tú liom go raibh Séamus scríobhtha ar sin nuair a bhfuair tú é?" "Bhí sé" arsan fear eile. Agus dar ndóigh ní raibh sé scríobhtha ann ar aon chor agus bhí an bua ag Ó Chonaill.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Deaglán Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford