School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 310
- XML “Peil”
- XML “Sprid”
- XML “Bean Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)don reilig atá i gCnoc Buidhe. An oíche nuair a bhí na fearaibh ag dul ag cruadh na ba d'arríodar glór liathróid peile á imirt amuigh sa reilg.
Ní bhfaighidís an liathróid ná aoinne d'fheiscint . Tar éis tamaill d'aireagadar mná ag rá "Ochón, ochón" don dream a bhí tar éis cailleamhaint.
Deirtear gurab é an brígh a bhí leis an imirt ná gur cuireadh fear in uaig carn an lá san. - Bhí bean in Ráth na mBiríneach fadó. Bhí coca féir aici cúpla páirc ón dtigh. Teidheadh sí amach sa pháirc gach aon oíche chun sup de a thabhairt abhaile i gcór an bó.
An oíche seo nuair a bhí sí ag teacht abhaile chonaic sí Laoigh ag teacht ina dhiaidh agus dhá ceann air. Tháinigh eagla ar an mbean agus rith sí abhaile. Nuair a tháinigh sí abhaile thit sí tinn.
Tháinigh dochtúir chun í d'fheiscint agus dúirt sé go bhfaigheadh aoinne eagla a chur uirthi sa slí go raghadh a croí thar-nais ins an áit ceart. Fuair sí bás i gcionn dá lá. - Deirtear go leigeann an bhean-sidhe trí liúigh aisti nuair a faigheann aoinne go bhfuil Ó ag teacht roimh a ainm bás.(continues on next page)