Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)
- Suíomh:
- Coolnahorna, Co. Waterford
- Múinteoir: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Filí an Ceanntair.
Sé Riobárd Bheldon priomh file a bhí in ár gceanntar aon uair. Do rugadh agus tógadh Riobárd Beldon i gleann aoibhinn na Machain trí míle ón ár scoil i Cuil-na-hEorná sa blian 1837. Tá Gleann na Machan san bParoiste Cill Rosanta ag bhun Sleibhte an Comaraig i gCo Portlairge. "File an Comaraig" a thugadh mar ainm ar Riobard Beldon.
File ó duthchais ceart dob eadh é. Do bhí a sinnsear roimhe in a bfilí. Bhiodh failte roimhe ag gach feis agus ar gach aonach ar fuaidh na deisé. Fuair sé an bhonn óir an Oireachtas mar gheall ar dán breagh a cuir sé isteach. Ta a chuidh dáin agus a chuidh amhráin ag sgaipighthe ar fuaidh na ndéise.
Fear oibre dob eadh Riobárd Bheldon. Bhíodh sé ag obair sa Muilleann a Mhacain ag gearradh admhaidh. Bhí aith comhnuidhe aige i gclós a mhuillinn. Ní raibh sé lá dá shaogal ar scoil acht chaith sé a bheatha ag tuillead a pháigh. Níor chuir sé síos ar pháipear focal dá chuid dánthá riamh. Bhí an filidheact aige dhuthchás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cuilleanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ross, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Pilib Ó Cuilleanáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Ross, Co. Waterford