Scoil: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (uimhir rolla 4136)
- Suíomh:
- Coolnahorna, Co. Waterford
- Múinteoir: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmidhthe Allta.
Seo iadh na ainmidhthe atá ar faghail fiadhain in ár gceanntair:-- Sionnach, an Coinín, an Fiadh, an Easog, an Girrfhiadh, an Broch agus an mada crainn.
Sionnach;-- Tá an Sionnach go h-ana cliste. Goideann sé cearca, lacáin, tuircaí agus goisiliní ó gclós na bfeirme istoidhche. Nuair a bhíonn na uain go h-aná óg lá no mar sín marbhuigeann sé iadh agus itheann sé iadh.
An Coinín:--Tá a lán coinín le fághail in ár gceanntair. Maireann síadh i pollaibh na claidheaca. Itheann síadh cabhaiste agus coirce agus cruitneacht is mór an díoghbhail a deineann siadh. Gabhtar na coininí i gcaistí ins an bhFóghmhar.
An Fiadh:-- Tá fiadh go h-ana coigeanta ins an ait seo acht deirtear go bhfuil cuidh aca le fhaghail fós san Guirtín agus inaice Loc Comsingáin.
Easog:-- Ainmidte beag fuadh iseadh an Easóg. Maireann sé ins na claideaca. Ainmidhthe an crosta iseadh é. Cuireann sé séile ar aon duine a thagann in a giorra. Deirteár go mbhionn nimh í seile na h-easóige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cuilleanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ross, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Pilib Ó Cuilleanáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Ross, Co. Waterford