Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 012
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Colmcille ag fagailt an Ghleanna bhí bean ann agus bhí bó aicí ag faghail bhais le péin.
Chuaidh sí fhad le Colmcille agus d'innis sí do fa'n bhó. Fuair Colmcille corda agus chuir sé cupla snaoidhm air agus dubhairt sé, "Ortha a rinne Colmcille de aon bhó amhain de chailligh dhuibh cos ar mhuir cos ar tír sgaoil snaoidhm agus leigheas builg." Nuair a chuaidh an bhean chun na bhaile bhí an bhó leasta.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Fhionnlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Caitlín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Donegal
- Nuair a bhí Colmcille i nGleann an biadh a d'itheadh sé is eadh dulaman Carraic Cormadan, uisge dheoch a Dheochardán agus eorna Iomaire Chaim. Agus fásann cupla gráinin eorna go fóill thiar ag an Chorrán Bhuidhe.
Fosda duine ar bith a chuaidh go Carraic Coramadan fá choinne dulaman níor fhág duine ar bith é le mála folamh. Agus an sruathan a gheibheadh sé an t-uisge as ní teachaidh sé tirim a coidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal