School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 044
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ceibí fear a rabh an t-im aige rachadh na béirinn a pholladh.
An t-seachtmhain ina dhiaidh sin bhí maistreadh eile réid le buaileadh aca agus rinne siad mar d’iarr an bhean déirce ortha. Ní rabh siad i bhfad ag buaileadh gur mhothaigh siad an sgairteach ag an doras. Bhí fhios aca go maith cé bhí ann agus ní rabh mórán deifre ortha a leigint isteach. Nuair a leig siad isteach é d’iarr sé ortha stad a buaileadh agus go bhfuigheadh siad a gcuid ime arais. Stad siad agus bhí a gcuid im fhéin aca indhiaidh sin. - Bhí fear ins an ghleann seo fad ó shoin agus bhíodh sé ag goid caoirigh o’n chnoc. Lá amháin nuair a bhí sé ag goid tháinig an tóir air agus theic sé. Nuair a bhí sé giota maith ar shiubhal agus nuair a shil sé go rabh sé as dáinsear shuid sé sios ar bhruach Nuair a bhí sé na luighe tamall thuit sé in a chodhladh agus ba goirid go bhfuair an fear suas leis. Leig an gaduidhe air go rabh sé i laige agus rith an fear ar an t-sagart. Ach nuair a tháinig an fear agus an t-sagart arais ní rabh an gaduidhe le feiceál agus ó an lá sin ní ba [n]? níor tugadh ainm air ach an “gaduidhe glic”. Tuairm bliadhain in a dhiaidh seo chuaidh sé ‘un faoisdine agus d’inis sé d’on t-sagart gur bhain sé rása as agus arsa an t-sagart leis. “An tusa an gaduidhe glic”. agus dubhairt an fear gur bé agus chros agus chros an sagart ar gan níos []? A ghoid. Chuaidh an fear ‘na bhaile agus níor ghoid sé níos mó(continues on next page)
- Collector
- Pádraic Mac Loingsigh
- Gender
- Male
- Informant
- Jimmy Donnelly
- Other names
- Jimmy Donnelly (local name)
- Séamus O' Beirne
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal