School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 35
- XML “Scéal - An Mhaighdean Mhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh fear 'na tráighe lá amhain fad ó ag deánamh cnuasaigh. Ag tárrangt síos 'na chladaigh tcídh sé an cailín ba dóigheamhla da bhfácaidh sé ariamh na suidhe ar charraic cois fairrge ag cíoradh a gruaige. Thuit sé i ngrádh leithí ar an bhomaite agus shanntuigh sé í do fhein.
Caidé bhí acht a cloca na luighe ag na taobh ar charraic eile agus siud suas é go fáithlighe agus ghoid an cloca. Bhí fhios nach dtiocfadh leithí gabhal arais na fairrge gan a cloca nach mbéadh failte ar bith roimpí.
Comh luath is crothnuigh sí an cloca leán sí é acht rith seisean an méid a bhí ina a chorp abhaile agus bhí an cloca i bhfolach aige sul ar shroic sise an teach.
'Nois nuair a fuair sé í sa bhaile thoisigh sé ag bhlanndar leithí agus ba é an deireadh a bhí ar an sgéul gur pósadh iad agus d'fan sí aige. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí go rabh ceáthar ná cúigear do mhuirín acú. Rith an áma seo bhí an cloca i bhfolach aige oirthí na bhí fhios aige da bhfuigheadh sí an cloca go nimteochadh sí na fairrge arais agus go rabh sí caillte go deo aige fein agus ag na paisdibh.
Lá amhain goidé tharla acht bhí sé ag deánamh cruach-coirce agus dar leis gur seo ait bhréagh leis an chloca a cuir i bhfolach ann, istigh i lár na cruaiche. Níor smaoitigh sé ar na paisdibh a bhí ag(continues on next page)- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Dimnic Mac Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal