School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 103
  3. XML “Scéal - Ó Brían”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Sagart Óg ar a bheálach abhaile ó’n Cholaiste indiadh Órd Beánnuighe a fhághail. Ar a bheálach caidé cásadh air acht cailín óg agus bhí sí ag briseadh a croidhe ag caoineadh. Dfiafraigh sé dí caidé ádhbhar a caointe na bhí an t-án truaighe aige dí. “Ó! arsa sise, leitir deas a bhí agam a chaill mé?” “Nach furust leitir a fhághail”, arsan Sagart. “O! ní furust leitir sgríobhtha i bhfuil a fhághail” ar sise. “Gheobhaidh tú leitir na sgríobhfaidh mise ceann duit in mó chuid fola fein”. Leis sin chrom sé síos, bhain dé a bhróig, sgríobh a ladhar mór gur chuir sí fuil agus sgríobh leitir de’n cailín in a chuid fola fein. Shin sé dí an leitir agus d’imtigh sí as amharc.
    Comh luath géur is d’imtigh sí thainig aithreachas arsan cionn is a léithid a dheánamh na d’áithin sé anois nar chailín do chuid a t-saoghail a bhí inntí, agus smaoitigh sé gur b’ámaideach an rud a rinne sé dí. Chuaidh sé giota eile ag tárrangt ar an bhaile agus chuaidh sé isteach i dteach ar thaobh an bhealaigh. Caidé bhí sa teach seo acht “Stations” agus bhí dha Sagart dé chuid an Phároiste ann ag éisteacht. Nuair a bhí siad réidh agus d’imtigh na daoine uilig d’innis an Sagart Óg mar d’éirigh dó ar a bheálach agus mar sgríobh sé an leitir dó’n cailín in a chuid fola fein. Nuair a chualaidh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac a' Bhaird
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Mín na bhFiann, Co. Donegal