Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis fhéin. Shiubhail sé leis fá deifre mhór. Chuaidh sé isteach go teach an phobail, chuaidh seisean isteach na ndiaidh. Bhí maidin chiúin theith ann agus an ghrian ag soillsiughadh isteach ar na fuinneógaí. Chaith sé a chóta mór ar an ghach gréine agus chongbhuigh an gach gréine suas é. D’éist sé an t-aifreann mar dhuine. Nuair a bhí an t-aifreann thart thug sé a aghaidh baile amach. Chuir a mhuinntir ceist air cá rabh sé ná shíl siad go rabh sé caillte. Dubhairt sé go rabh sé ag ‘an aifreann agus le cuideadh Dé go mbéadh sé ann achan ndomhnach ó sin amach.
An dara domhnach d’éirigh sé le h-éirghe na gréine. Rinn sé réidh agus d’imthigh sé ag tarraingt ar theach an phobail. Nuair a tháinic sé na bhealaigh mhóir bhí na daoine uilig ar shiubhal ach corr dhuine. Shiubhail sé leis fá dheifre. Níorbh’ fhada gur chualaidh sé callán mór. Sheasuigh sé [as]? caidé a bhí ann ach beirt bhan ag mallachtaigh ar a chéile. Bhí sí na sheasamh ag éisteacht leo go rabh siad tursach ag mallachtaigh. Annsin smaoitigh sé go mbéadh sé mall ag an aifreann agus bhog sé leis fá dheifre mhór. Nuair a chuaidh sé isteach bhí teach an phobail lán agus bhí an t-aifreann chomhair thart. Chaith sé a chóta ar an ghach gréine ach thuig sí go talamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal