Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin fuair sé sgéala a ghabhail agus rí a léigheas. D'imthigh sé leis. Bhí an bás na shuidhe ag cosa an ríogh. Leigheas an Cearrbhach é agus ar a chealach na bhaile casadg an bás air.
"A Chearrbhaigh an Chábháin" arsa an bás, "tá tú agam anocht"
"An leigfidh tú na bhaile mé?" arsa an Chearrbhach.
"Leighfidh cinnte" ars' an bás.
Nuair a chuaidh an Cearrbhach na bhaile las an bás coinneal agus dubhairt sé nuair a bhéadh an choinneal caithte go bhfuigeadh an Cearrbhach bás. Chuir an Chearrbhach seideóg ar an choinnil agus chuir as í ach dubhairt an bás mar mbéadh an choinneal as go cionn chéad bliadhna. Oidhche amháin céad bliadhain na dhiaidh sin bhí an Cearrbhach na luighe ar a leabaidh agus thainic an bás fá na choinne. D'iarr an Cearrbhach air ghabhail amach agus ubhla a thabhairt isteach chuige. Rinn an bás mar h-iarradh air ach ghreamuigh a lámh do'n chrann. Leig an Cearrbhach saor é agus b'éigin do imtheacht go cionn céad bliadhain eile.
Oidhche eile bhí an Cearrbhach i bhfad ó bhaile agus leigheas sé rí a rabh an bás ag na chosa. Ar na bhealach na bhaile chualaidh sé caoineadh ins' an phortach. Chuaidh sé fhad leis an áit agus caidé a bhí ann ach gasú beag a rabh gruaig bhuidhe air. D'fhiafruigh an Cearrbhach de caidé bhí air. Dubhairt sé nach rabh fhios aige an urnaighe agus go mbuailfeadh an maighistir é. D'iarr an Cearrbhach air é féin a choisriocadh...
(Ar leanamhaint ar leathanach 152)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Mhór Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Loch na nDeorán, Co. Donegal