Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an fiadh "go bhfaghaidh tú gadhar a ruaigfeas mé". D'imthigh sé chuig an gadhar. "Cá bhfuil tú ag rgabhail?" ars an gadhar. "Gadhar a ruaigfeadg fiadh, fiadh a shnámhfad uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an gadhar "go bhfuighidh tú im a chuirfeas mé in mo chrúba". D'imthigh sé chuig an im. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an t-im. "Im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruiagfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an t-im "go bhfuighidh tú cat a lighfeas mé". D'imthigh sé chuig an chat. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an cat. "Cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir". X "Bhal ní bhfuighidh tú mise" ars an cat "go bhfuighidh tú bainne ó bhó domh". D'imthigh sé chuig an bhó. "Cá bhfuil tú ag gabhail?" ars an bhó. "Bainne do'n chat, cat a lighfeadh im, im i gcosa an ghadhair, gadhar a ruaigfeas fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a nighfeadh cloch, cloch a líomhthadh tuagh, tuagh a ghearfadh slat, slat a sciúrfadh Murchadh Beag a ghoid mo chuid sugh-craoibh aréir".(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal