School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 304
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Oíche amháin . . .

    (continued from previous page)
    charraig é go dtáinic siad a fhad le seomra mór a bhí lán daoine. Tugadh anonn go [dtí]? cathaoir mhór é, in a rabh fear mór [feas]? ‘na shuidhe. D’aithin Maghnus gur Micí Óg a bhí ann, a athair mór fhéin a báitheadh i loch-loch oidhche na gaoithe móire fadó shoin. “Maise, Maise a Mhaghnuis an tusa an gasúr beag a chonnaic mé sul a bhfuair mé bás? Bhal, Bal. Goidé mar tá-“ Ach ní bfuair sé cead dara focal a radh gur buaileadh le slat [t]? an bhéil é agus dún sé suas. Ceannphort beag ruadh a bhí ann agus thug sé leis Maghnus gcuirfidhe goiste air. Bhí argoint go leor annsin. Cuid a rádh go mbáithfeadh siad agus cuid ag gabhail a pholladh acht san deireadh leig siad ar shiubhal é. Táisbeánadh amach ar doras é agus dhún an doras [air]? Ní rabh san áit acht carrag anois. Seachtmhaine a bhí Maghnus san áit sin acht agus shíl [sé]? fhéin nach rabh sé istigh acht uair a chluig. Bhí an duine bocht i bhfad fríd a chéile. Ní [rabh]? sé abálta a labhairt ar feadh seachtmhaine. “loch-loch an focal a bhí aige ar feadh na seachtmhaine.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sinéad Ní Dhuinnshleibhe
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Corráin
    Gender
    Male
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal