School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 333
  3. XML “Oisín i dTír na nÓg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an bhuachaill, “caithfidh tú mé thabhairt go dtí do mháighistear”. Thug. Bhí sé annsin bliadhantaí ag Naomh Pádraig.
    Mar bhí sé ‘na fhear mhór éifeachtach, ní raibh siad ábalta a shaith a thabhairt do le h-ithe. Bhí sé i gcomhnuidhe faoi ochras. Nuair a chuirfeadh an cailín aimsire bunóg aráin agus measgan ime roimhe, deirfeadh sé léithe, gur minic a chonnaic sé duilleóg eidhinn a bhí chomh mór le na (bunóg), bunóig aráin agus caor chaorthainn bhí chomh mór le na gocaide measgáin.
    Bhí sé annsin, agus bhíodh Naomh Pádraig ag cainnt leis go minic ar an Dia Fíor, na Flaitheas, agus Ifreann ag fiachailt an dtiocfadh leis é thabhairt ‘un creidimh. Lá amháin ar seisean leis an Naomh, “Ma tá cumacht agat-sa agus ag do Dhia chomh mór, agus tá tú ag rádh, agus ma deir tú go bhfuil mo chuid daoine-sa uilig i n-Ifreann, ba mhaith liom amharc fhághail ar Ifreann”. Chuir Naomh Pádraig air a ribín. D’osgal Ifreann ag a chosa. Fuair Oisín amharc na súl go bfeiceadh sé an mhuinntear a bhí ann Ifreann. Chonnaic sé Goll, agus súiste aige, agus é ag treasgairt na ndeomhan. Nuair a chonnaic sé sin, d’iarr sé athchuinge ar Naomh Pádraig. Sé an athchuinge a d’iarr sé, iall láidir a chuir i súiste Ghaill ins an chruth go mbéadh sé ábalta greadadh maith a thabhairt do na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    1397225
    Informant
    Mháirghead Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal