Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)balla láidir, acht tá cuma orra go bhfuil siad a bhfad níos úire ná ballóg a bhéadh toghtha i n-am Naoimh Fhionáin. Acht insan áit ar sgor ar bith a tógadh eaglais le linn Naoimh Fionáin. Tá an eaglais Caitilicigh ar an ceathramha ceanainn, comhgarach do'n Fhálcarrach ainmnighthe i ndiaidh Naoimh Fionáin. Tá gach píosa cunntais fán Naomh atá le fághauil curtha síos roimhe ré. Níl míorbhailte ar bith curtha i leith an Naomh acht an ceann a rinneadh nuair a bhuail Colmcille an charraig leh-aghaidh uisce a fhágháil do Naomh Fionán. le n-a thart a mhúchadh am amháin. Cinnte go leór, cuirtear go leór miobhailtí síos dó san am i láthair i ngnaithe léigheasanna do gach saghas tinnis - ón déideadh go d-tí an aillse; at. plan na g-cnámh, laige, beag-a'mhaith, plúchadh, baill an chuirp. Ghabhtear léigheas do'n iomlán ag Eas Fionáin.Níl iomrádh ar bith ar an áit cuireadh Naomh Fionán, agus níor baisteadh aon áit sa cheanntar ón Naomh, acht amháin teach a' phobail, teach an t-sagart agus teach mhaighistir na scoile - ar tugadh Árd Fionáin air. Níl tobar beannuighthe ar bith luaidhte i nidiadh an Naoimh, ach is iomráidhteach an teampall a bhfuil a ainm luaidhte leis. Níl paidir ar bith le fághail ó na sean daoinibh a bhaineas leis an Naomh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)