Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 255](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1073%2FCBES_1073_255.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 255
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 255
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le ceannacht i mbocsaibh ins na siopaibh. Tá seo i gcomhnuidhe ag na ceannachóirí móra ins na siopaibh. Amanna eile gearrthar marc ins an fionnaidh le siosúr: agus uaireannta cuirtear lorg aoiligh orra le bata ar a ndruim.Tugtar an ceannrach leis an capall i gcomhnuidhe nuair atá an margadh deanta. Ach ní thugtar an srian leathair, nó an béalmhach. An ceannrach atá ar an capall lá aonaigh le tabhairt leis tá siad le ceannacht ins na siopaibh ar 1/6 an ceann nó mar sin. Níl ann acht píosa rópa slat ar fad le coinneál in do láimh, acht tá taipéis le dul thart ar cheann an capall. Srian éadtrom lag é. Cá dtugthar an bhuarach leis an bhuin. Capall nach bhfuil imtaobhta, agus nach bhfuil ughdaras ar bith ag dul léithe go n-oibreochaidh sí, díoltar í sin "ar an rópa" a deirtear. Ní thig í a chur ar ais chuig an dioltóir agus tá sé díolta ar beagán luach. Bó a bhfuil a h-am istigh le breith ar a leitheid seo de lá ní bhfuighfidh sí acht mí le tabhairt leí ón dáta a mbíonn a h-am istigh, nó nach mbeirfidh sí gamhain taobh istigh de'n mhí thig leis an cheannuightheóir an díoltar a thabhairt 'un dlighidh, agus geobhaidh sé an triomhadh pighinn de'n luach i.e. an triomhadh cuid.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Daithí Mac Seáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Gabhann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Caisleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Donegal