School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Dá mbéinn ann an uair sin bí bhéinn ann anois.
Bhí saighdiúir ann aon uair amháin agus tháinig cogadh ar an ríogh a raibh sé faoi agus bualadh é. Mar sin de b'éigean do'n ríogh mórán de a chuid saighdiúirí a dhíol amach ar phinsín bheag. Díoladh an saighdiúir seo amach fosta agus tháinig sé 'n-a bhaile tuirseach agus gan dada airgid aige acht trí scillinge. Shíl sé gur bhocht an rud dó bheith ghabháil thart sa bhaile agus d'imthigh sé le n-a arán a shaothrughadh.
D'imthigh sé leis agus gan dada leis acht na trí sgillinge gur casadh fear bocht air ag iarraidh déirce agus thug sé sgilling do'n fhear sin. In dhiaidh tamaill eile ag siubhal casadh fear bocht eile air agus thug sé sgilling do'n fhear seo. Ní raibh fágtha aige anois acht an t-aon(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Gender
- Female