School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgilling agus bhí sé ag teacht suas go h-am dinnéara nuair a casadh an tríomhadh fear bocht air ag iarraidh déirce. Dubhairt an saighdiúir nach raibh aige acht sgilling agus go raibh sé aige le n-a dhinnéar a fhághail go fóill as acht d'iarr sé air a theacht leis 'un t-siopa agus go roinnfeadh siad an biadh. Rinneadar amhlaidh agus d'ith siad a sáith. "Anois" arsan fear bocht "an bhfuil aithne agat orm-sa?" Dubhairt an saighdiúir nach raibh. "Bheul" arsan fear bocht, "is mise Naomh Peadar agus ó tharla go bhfuil tú ag gabháil 'un siubhal tá sé chomh maith agam-sa bheith leat".
Shiubhail an bheirt leobhtha go dtí go raibh siad ag gabháil thart le teach a chuala siad caoineadh thruaighmhéileach ag teacht as. Isteach leo agus bhí bean in a suidhe sa chlúid ag caoineadh(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Gender
- Female