School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fiafruigh siad dí ádhbhar a caointe. Dubhairt sí gurab a fear a bhí indiaidh báis a fhágháil. Thug sí Naomh Peadar síos 'un t-seomra agus thug sé an fear 'un t'saoghail ar ais. Thug sí buidheachas do Naomh Peadair agus thug sí uan mar bhronntanas dó. Thug sí teach folamh díobhtha le a mbiadh a dhéanamh réidh ann.
D'feann an saighdiúir an t-uan agus chuir sa phota é. Dubhairt Naomh Peadar go siubhailfeadh sé giota siar an bealach go mbéadh an t-uan bruithte agus chros ar an tsaigdiúir gan dada de'n uan a ithe go dtigeadh sé ar ais.
Bhí an t-uan bruithte anois agus ni raibh Naomh Peadar ag teacht. D'fan an saighdiúir tamall eile acht bhí ocras ag teacht air. Smaoinigh sé annsin nach shórreochadh[?] Naomh Peadar an croidhe ar iarraidh agus d'ith sé é. Nuair a bhí an croidhe ithte aige tháinic N. Peadar acht(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Gender
- Female