School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)N. Peadar sé pigne d'fear an tighe a ghabháil 'un t-siopa le builín a fhághail. Bhí teach imeartha ar an mbealach agus chuaidh an fear isteach ann. Chaill sé na sé pighne a thug N. Peadar dhó. Ní raibh níos mó airgid aige. Bhí poll doimhin uisge taobh amháin de'n teach agus leig sé air gur chaill sé na sé pighne ann. Thug N. Peadar sé pighne eile dó agus fuair siad an builín agus d'ith an triúr a sáith.
D'imthigh an bheirt leóbhtha arís gur casadh bean ortha. D'innis sí daobhtha go rabh inghean an Mhéara ann agus go dtiubhradh sí ualach óir do'n dhochtúir a leigheasfeadh í. Chuaidh N. Peadar go dtí 'n teach agus leigheas sé an cailín. Dhiúltaigh sé an t-ór acht b'éigin dó a thabhairt leis. Shiiubhail siad leobhtha agus bhí an Naomh ag fás tuirseach leis an ualach agud dubhairt gurbh fhearr é a roinnt. Rinne sé sin agus rinne sé trí codanna cothroma de'n(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Gender
- Female