School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt sé nach raibh a dhith air acht an croidhe. Thoisigh an bheirt aca 'a chuartughadh acht dheamhan a dtiocfadh leobhtha a fhághail.
Níor leig N. Peadar dada air acht nuair a bhí a sháith ithte ag an tsaighdiú[ir] chuaidh a bheirt aca ar siubhal go dta[inic?] siad fhad le abhainn mhóir. Chuaidh N. Peadar treasna acht ní dheachaidh an t-uisge t[har?] a ghlúine. D'féach an saighdiúir a gabháil treasna acht chúmhdaigh an t-uisge é agus bhí sé dá bháthadh nuair a d'iarr sé ar N. Peadar é a shábháil. Dubhairt N. Peadar go ndeánfadh dá n-innsigheadh sé dó cé d'ith croidhe an uain. Shéan an saighdiúir gur ith sé an croidhe acht shíl N. Peadar gurbh fearr seans eile a thabhairt dó agus thug go bruach é.
Shiubhail siad leo ar ais go dtáinic siad fada le teach mór, an áit d'iarr siad loístín, an rud a fuair. Thug(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnghaile
- Gender
- Female