School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0211](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0211.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0211
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0211
- XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige ar tígh Sgolóigín na Féasóige liaith.'
- Ó, a rógaire, ars an fathach, is tú do mharbhuigh mo chuid beithidheach indé.
- O ní mé, arsa mac na baintreabhaighe.
Faoi dheireadh dubhairt an fathach leis imtheacht go dtí n-a dhriotháir a bhí sé sgór míle ó'n áit. D'imthigh le m.na.B ar an mbromaichín ag teacht suas leis an ngaoith Mhárta bhí caithte agus é ag imtheacht ó'n ngaoith Mhárta bhí ag teacht, nó go dtáinig sé go tigh an dara fathaigh agus gur innis dó gur ag cuartú tighe Sgolóigín na F.l. do bhí. Dubhairt an fathach leis a theach a ghlanadh, gurb é a mharbhuigh a dhearbhráthair an lá roimhe sin. Dubhairt mo dhuine bocht nár b'é. Ach faoi dheireadh dubht an fathach leis a dhul go dtí an tríomhadh dearbhráthair a bhí naoi sgór míle ó'n áit in aice le loch.
D'imthigh le mac na B. arís ar bhromaicín leis an bhfuadach a bhí aige an dá uair roimhe: ag teacht suas leis an ngaoith Mhárta bhí caithte agus ag imtheacht ó'n ngaoith Mhárta bhí ag teacht nó gur bhain amach teach an tríomhadh fathach. Bheannuigh sé dhó agus d'innis dhó céard a bhí uaidh - gurab é teach Sgolóigín na F.l. é. Ghlac an tríomhadh fathach go fáilteamhail é. Ghléas biadh agus thú lón do'n bhróimín agus dubhairt leis an brat draoidheachta do bhí ar an mballa do thabhairt leis agus é sgaradh [amach] ar an talamh. - Agus, ars an fathach, tiocfa trí cinn d'ealachaibh ar an mbrat, agus bí ar t'aireachas féin - an ceann deiridh a fhanfas ar an mbrat coinnigh í sin agus bhéarfá sí fios duit cé bhfuil tigh Sgolóigín na Féasóige liaith'.(continues on next page)- Informant
- Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway