School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0213](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0213.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0213
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0213
- XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rinne se amhlaidh agus gach nídh amach díreach mar dubht. an fathach leis. Nuair a choinnigh sé an tríomhadh heala d'iompuigh sí ar an bpoinnte 'na bean áluinn agus thosaigh sí ag cainnt le mac na b. D'innis sé dhi fá n'a taisteal ó thús go deireadh. Agus cé bheadh ann ach inghin le S. na F.l. Dubht sí leis bheith ag imtheacht go deo nó go sroichfeadh sé teach a raibh leath geata adhmhaid agus leath eile mar geata iarainn leis. - Agus, adeir sí, cibé rud a chuirfeas sé a dhéanamh thú ná h'eitigh é; agus má's mise rachas le do bhéilidh chugat beidh tú ceart go leór.
D'imthigh le mac na B. agus níor stop nó go bhfuair an geata adhmaid amach. Bhí Sgolóigín na F.l. istigh roimhe. - Go mbeannuighidh Dia anseo, arsa m.na.b. - Go b. Dia agus Muire duit a mh. na b. arsa S. na f.l. Nuair a bhí píosa cainnte déanta acu cuir an Sgolóigín mar geasa air a dhul ins an stábla a bhí tamall ó'n teach agus an t-snáthaid mhór a chaill a mháthair mhór na sgórtha bliaidhain ó shoin ann d'fhagháil.
D'imthigh agus sluasad aige agus thosaigh air ag cartadh, agus nuair a chaitheadh sluasaid amach thagadh [deich] sluasad eile isteach in a aghaidh. Thuit sé síos sáthach brónach do féin nó go dtáinic inghean S. na F.l. le béile chuige, an ceann céadhna an fhios dhó tamall roimhe sin. Dubhairt sí leis a bhéilidh 'ithe. - Ara, ar seisean, cé an mhaith dom é 'ithe agus mé le cur de mo chois tráthnóna? (Dubht an Sgolóig leis mara bhfuigheadh sé an tsnáthad go raibh sé le cur dhá chois.) - Ith do bhéilidh, arsa an cailín leis, agus beidh an sgéal réidh.(continues on next page)- Informant
- Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway