Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0224
  3. XML “Na Trí Comhairleacha”
  4. XML “Seán Nuala agus an Giorria”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shuidhe i n-aice léi. Rug sé ar ghunna leis an bhfear a chaitheadh mar shíl sé gur phós a bhean arís nuair a bhí sé imthighthe. Chuimhnigh sé ar an gcomhairle deiridh. Chaith sé na trí (ghaib) ghail tobac agus nuair a bhí siad caithte, chomh maith leis an fhearg a bheith imthighthe bhí an doras osgailte ag an fear agus a bhean ag fáiltiúghadh roimhe. Budh é an fear a mhac fhéin, acht mhéadaigh sé chomh mór ó d'imthigh sé is ná'r aithin sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear san áit seo fadó ar a dtugaidís Seán Nuala. Bhí an-ghrádh aige dá bheith [] ag fiadhach agus níl lá ar bith nach gcaitheadh sé tamall leis an obair sin. Tráthnóna amháin deisigheann sé amach a chú 's a chapall agus amach leis faoi na sléibhte ag fiadhach. Ba ghearr a bhí sé gur dhúisigh sé giorrfhiadh. Ba é an giorrfhiadh ba bhreaghtha é dá bhfaca sé ariamh. Sgaoil sé an chú 'na diaidh. Bhí an giorrfhiaidh ag corradh an chú agus an chú ag corradh an ghiorrfhiaidh. Chaitheadar an tráthnóna agus ní raibh aon mhairig ar an ngiorrfhiaidh. Thug an fear an capall agus an chú abhaile. Ní bhfuair Seán néal ar feadh na h-oidhche ach ag cuimhniughadh ar an ngiorrfhiaidh.
    Go moch ar maidin láir na bhárach bhí an fear faoí réir agus thug sé na sléibhte amach air féin arís. D'éirigh an giorrfhiaidh san áit chéadna. Lean an chú é agus bhí sé 'na fhéachaint eatorra. Théaltaigh an ghrian siar 'sna spéartha. D'éaluigh an [ga] lá thart. Bhí an chú 's an fear tugtha turseach, ach bhí an giorrfhiaidh chomh sgafánta is bhí sé ar maidin. B'éigean dá dhá namhaid tabhairt suas. Dubhairt Seán go raibh deire a chuid fiadhach déanta agus nach bhfeicfeadh sé cú ná aon deis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe