School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maith annsin nach raibh aon ghnaithe abhaile aige mar gheall ar an rud a bhí déanta aige.
D'imthigh leis annsin agus ba ghearr a chuaidh sé gur casadh tincéara air. "Cá bhfuil tú ag dul?" adeir an tincéara. "I ndiaidh mo chinn rómham," ar seisean. "Déanfa sin," adeir an tincéara, "fág seo i n-éinfheacht liom-sa bheidh muid i n-éindigh pé áit ar bith i na dtiocfaimíd."
D'imthigh leo annsin go dtáiniceadar chomh fada le caisleán ríogh. D'iarradar lóistín na h-oidhche agus fuaireadar sin agus fáilte. Dubhairt an rí leó go n-íocfadh sé go maith iad dá dtéighidís suas sa sean-chaisleán agus an oidhche a chur tharta ann agus fios a thabhairt dó an bhfaca siad aon cheó nó nach bhfaca.
Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an feilmeóir agus an tincéar chuig an sean-chaisleán agus chuadar a chodhladh ar leabaidh a bhí ann. Timcheall is meadhon oidhche dhúisigh an feilméar agus chonnaic sé an rud soillseach thíos i dtóin an tseómra. Bhí fhios aige gur buidéal fuisge a bhí ann. Dhúisigh sé an tincéar agus dubhairt sé leis a dhul síos agus an buidéal a thabhairt aníos. Chuaidh an tincéar i gcoinne an bhuidéil. Nuair a shroich sé an áit bhí trí cinn ar fad ann. Rug sé ar cheann acu le é a thabhairt leis acht dubhairt an guth leis é a fhágáil. Rug sé ar an darna agus an tríomhadh(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway