Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0428](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0428.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0428
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Chuile mhaidin le h-eirighe na gréine d'éirigheadh an t-athair go moch agus d'fhiafruigheadh an mac dhó cá raibh sé ag dul. Deireadh an t-athair go mbíodh sé ag dul i n-éanacht le na daoine maithe. Aon mhaidin amháin dubhairt an mac leis an athair:- "Meastú an bhféadfa mé a theacht i n-éinfeacht leat indiu?" "Cinnte féadfa," adubhairt an t-athair, "ach ar t-anam ná labhair nuair a thiocfas muid chomh fada leó." D'imthigh leo agus ba ghearr go bhfaca siad ag teacht iad. Mo chomhairle dhuit anois arís" arsa an t-athair, "ná labhair nó má labhrainn tú is ort fhéin a bhéas an locht."
Bhí na daoine maithe ag teacht 'na sluaighthe agus bulán ag gach duine acu. Bhí an mac ag déanamh an-ionghantas díobh, ach má bhí fhéin níor labhair sé, mar chuimhnigh sé ar chomhrádh an athar. Tugadh bulán do'n athair agus tugadh ceann eile do'n mhac. D'éirigh an t-athair de léim agus chuaidh sé ar marcuigheacht ar an mbulán. Rinne an mac an cleas céadna agus sguab leó. Bhí na daoine maithe 'un tosuigh, an t-athair na ndiaidh agus an mac un deireadh. Bhíodar píosa maith ag imtheacht, agus chas claise mór dóibh. Bhí an claise seo an-leathan agus an-domhainn. Chaith gach bulán í agus nuair a tháinig a bhulán fhéin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Flaitheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe