School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0433

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0433

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0433
  3. XML “Rí Alban agus Iníon Rí an Domhain Thiar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amhlaidh agus d'eirigh an Each agus rug seisean ar an éan agus bhain sé an solas as a ghob agus céard a bhí ann ach dlaoi gruaige Inghean Rí an Domhain Thiar agus í ar lasadh. Thug an Giolla an dlaoi gruaige ar ais go h-Alabain agus chuaidh sé amach ins an stábla agus las sé í.
    Thárla go bhfaca an Rí an Lasair agus fuair sé caidéis dhi. D'fhiafruigh sé den ghiolla céard a las sé agus dubhairt an giolla leis gur cipín Soluis é. Dubhairt an Rí leis nár bh'eadh ach dlaoi gruaige agus pé ar bith áit ar a bhfuair sé í go gcaithfeadh sé an duine ar ar fhás sí sin air a thabhairt ar ais aige. D'imthigh leis an ngiolla go dtí an each bán agus d'innis di an sgéal go brónach. Dubhairt an each leis a dul ar marcaidheacht agus tiomáilt leis nó go sroicheadh sé geata inghean Rí an domhain thiar.
    D'imthigh leis an ngiolla nó faoi dheire gur shroich sé ceann scríbe. Ach nuair a bhí sé ag tarraingt ar an áit dubhairt an each bhán leis gan a dul isteach thar an ngeata ach fanacht taobh amuigh agus go rachadh sí féin siar agus aniar thar dhoras inghean ar Rí. Dubhairt an each bhán go ndéanfadh sí capaillín deas dhi féin agus nuair a d'fheicfeadh inghean an Rí í go mbeadh an-spéis aici innti agus tar éis tamaill go rachadh sí féin amach thar an ngeata agus an giolla a bheith ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    25
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway