School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dubh in íochtar agus bhí fhios aige go raibh an lá ag a chapall féin.
Faoi cheann tamaill tháinic an dá each ar ais agus bhí an each bhán ar thrí cosa agus dubhairt sí leis an ngiolla a dhul ag marcaidheacht ar an each dubh ó thárla go raibh sí féin ar thrí cosa.
Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag imtheacht ar nós na gaoithe Mhárta nó go dtáinic sé chomh fada le cúirt Rí Alban agus an each dubh aige. "Buel" adeir inghean Rí an Domhain Tiar, "rinne tú sin go maith ach ní bheidh mise sásta nó go mbeidh gáirdín ubhall annseo mar bhí agam ag baile. B'éigean don giolla bocht imtheacht aríst nó go ndeacha sé go dtí an domhan thiar. Nuair a shroich sé ceann sgríbe dubht an each bhán leis go raibh doras ar an ngáirdín ar a dul isteach dhó agus slám créafóige a thógáil as barr an dorais agus trí shlám as an ngáirdín agus slám eile as barr an dorais ag dul amach dó, agus iad a chur 'na phóca.
Rinne an giolla díreach mar dubht. an each bhán leis. Tháinic sé ar ais go hAlabain agus an chréafóg aige agus thomhais sé gáirdín leis an Rí díreach mar rinne sé i ngáirdín an domhain thiar. Chraith sé an créafóg ar an ngáirdín agus ar an bpoinnte bhí gáirdín ubhall ag Inghin Rí an D. Th. díreach mar bhí ag baile.
Chuaidh sí amach agus chonnaic sí an gáirdín. "Tá sin ceart go leor," adeir sí, "ach ní bheidh mise sásta no go bhfuighe me buidéal uisge as Tobar na Buaidhreadha." B'éigean do'n giolla bocht imtheacht an tríomhadh h-uair agus an sgéal a innseacht do'n each bhán. "Coinnigh do mhisneach," adeir an each bhán, "is eireóchaidh(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway